News
Táthar ag súil le moill tar éis do leoraí iompú ar an M11 i gCill Mhantáin
![](https://img.rasset.ie/00203f59-1600.jpg)
Táthar ag súil le moill mhór ar na lánaí ó dheas den M11 i gCo. Chill Mhantáin tar éis do leoraí iompú trasna in aice le bealach amach Ráth Naoi.
Tá Gardaí agus seirbhísí éigeandála eile ar láthair na heachtra, a tharla idir acomhail 15 agus 16 tráthnóna inniu.
Níor gortaíodh tiománaí an trucail agus ní raibh aon fheithicil eile i gceist.
Tá atreoruithe áitiúla i bhfeidhm agus táthar ag súil le moill mhór ar an mbóthar le tamall.
Iarrtar ar thiománaithe bealaí eile a ghlacadh más féidir.